21 Is mairg a bhfuil meas saoithe acu orthu féin,agus a cheapann go bhfuil siad thar a bheith glic!
22 Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta,agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!
23 Is mairg a scaoileann saor an ciontach ar bhreab,ach a bhaineann a cheart den duine cóir!
24 Mar alpann na lasracha an coinleachagus mar a chailltear an cháith sa tine,is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreoagus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach,as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Sluaagus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
25 Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobalagus ar thóg sé a lámh lena mbascadh;tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luímar bheadh dramhaíl sna sráideanna.Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin,tá a lámh ag bagairt go fóill.
26 Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin,ligfidh fead air ó imeall an domhain,agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.
27 Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach,ná duine atá ceanntrom ná codlatach;a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acuná iall a chuid cuarán briste.