25 Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobalagus ar thóg sé a lámh lena mbascadh;tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luímar bheadh dramhaíl sna sráideanna.Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin,tá a lámh ag bagairt go fóill.
26 Déanfaidh sé comhartha do náisiún i gcéin,ligfidh fead air ó imeall an domhain,agus seo chugainn é go héadrom agus go huallach.
27 Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach,ná duine atá ceanntrom ná codlatach;a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acuná iall a chuid cuarán briste.
28 Tá faobhar i gceart ar a shaigheadaagus tá na boghanna uile rite aige;is crua ná scileach crúba a chuid capall,agus rothaí a charbad ar nós guairneán gaoithe.
29 Búirthíl leoin bhaininn atá aige,agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann;ligeann sé glam agus beireann ar a chreach,ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.
30 Beifear ag búiríl ina éadan an lá sinmar bheadh búiríl na farraige ann.Beifear ag breathnú na tíre: dorchadas, duainéis,agus an solas ag dul faoi smúit agus faoi ghruaim.