4 Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirtnach bhfuil déanta agam?Bhí mé ag dréim le caora fíona.Cén fáth na fiachaora amháin?
5 Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anoiscad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort:an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach,an balla a leagan chun go satlófar air.
6 Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú,agus sceacha agus driseacha ag fás air.Crosfaidh mé ar na néaltaan fhearthainn a fhearadh air.
7 Óir, fíonghort Thiarna na slua,is é teaghlach Iosrael é,agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann.Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart,le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.
8 Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach,agus a chuireann páirc i gcionn páirce,go dtí go dtógann suas an láthair ar fadagus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.
9 Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa:“Is iomaí teach a leagfar!Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
10 deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin,agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”