9 Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa:“Is iomaí teach a leagfar!Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
10 deich n‑acraí d'fhíonghort, ní thabharfaidh siad ach bairille amháin,agus deich mbuiséal síl, ní thabharfaidh ach aon bhuiséal amháin.”
11 Is mairg dóibh siúd a mbíonn tóir acuó mhaidin moch ar an bpóit,agus a shuíonn déanach san oícheag súmaireacht fíona.
12 Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol,bodhráin agus feadóga,agus fíon a gcuid meisceoireachta.Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi,agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
13 Dá bharr sin seolfar mo mhuintir ar deoraíochtde cheal tuisceana,a n‑uaisle stiúgtha ag an ocras,agus an slua spalptha le tart.
14 Sea, leathfaidh Seól a chraos,osclóidh sé a bhéal as miosúr,agus síos ann leis an gcólp ghalánta,agus iad ag liúireach le lúcháir!
15 Ísleofar an duine, agus an daonnaí, tabharfar céim síos dóagus beidh ceann faoi ar lucht díomais.