2 Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham,agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt?An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte?An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála?Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige,déanaim gaineamhlach de na haibhneacha;tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.
3 Éadaím na spéartha le dúchan bróin,cuirim éadach róin umpu mar chlúdach.
4 Thug an Tiarna Dia domteanga an aos léinn.Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochtaspreagann sé briathar ionam.Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas ormchun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.
5 An Tiarna Dia, is é a d'oscail mo chluas.Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,níor theann mé ar gcúl.
6 Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailteagus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;níor cheil mé mo ghnúisar mhasla ná ar sheile.
7 Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,is é sin an fáth nach mothaím an masla.Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
8 An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar.An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm?Tagaimis beirt i láthair, má tá.An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm?Seasadh sé chugam amach!