4 Thug an Tiarna Dia domteanga an aos léinn.Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochtaspreagann sé briathar ionam.Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas ormchun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.
5 An Tiarna Dia, is é a d'oscail mo chluas.Maidir liom féin, níor chuir mé ina choinne,níor theann mé ar gcúl.
6 Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailteagus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam;níor cheil mé mo ghnúisar mhasla ná ar sheile.
7 Tá an Tiarna Dia ag teacht i gcabhair orm,is é sin an fáth nach mothaím an masla.Mar sin, chruaigh mé mo ghnúis mar an chloch ghlas,bhí a fhios agam nach mbeinn meallta.
8 An té a shaorfaidh mé ar chion, tá sé i ngar.An bhfuil aon duine a chuirfeadh cúis orm?Tagaimis beirt i láthair, má tá.An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm?Seasadh sé chugam amach!
9 Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom,cé a thabharfadh ciontach mé?Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh,agus iad á gcreimeadh ag leamhain.
10 Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna,éisteadh sé le glór a Ghiolla!An té a shiúlann sa dorchadasagus gan léas le feiceáil aige,cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna,baineadh sé taca as a Dhia.