1 Dúisigh, dúisigh suas!Cuir umat do neart, a Shíón!Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach,a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe.Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos móduine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.
2 Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí,a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh!Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha,a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!
3 Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead.
4 Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d'fhan ansin; ina dhiaidh sin d'imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu.
5 Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.