2 Craith díot an dusta sin! Bí i do shuí,a Iarúsailéim, a bhraighdeanaigh!Scaoil do mhuineál as a gheimhleacha,a iníon Shíón, a bhraighdeanaigh!
3 Sea, seo mar a deir an Tiarna: Díoladh saor in aisce sibh agus ceannófar ar ais sibh gan airgead.
4 Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d'fhan ansin; ina dhiaidh sin d'imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu.
5 Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.
6 Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m'ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: “Seo anseo mé!”
7 Nach álainn ar na sléibhtecosa an té a bhfuil dea-scéala leis,síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
8 Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór,ag liúireach le háthas in éineacht,óir is léir dóibh lena súile cinnan Tiarna ag filleadh ar Shíón.