5 Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.
6 Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m'ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: “Seo anseo mé!”
7 Nach álainn ar na sléibhtecosa an té a bhfuil dea-scéala leis,síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
8 Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór,ag liúireach le háthas in éineacht,óir is léir dóibh lena súile cinnan Tiarna ag filleadh ar Shíón.
9 Scairtigí amach le háthas,a bhallóga Iarúsailéim!mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir,tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.
10 Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofaos comhair súile na gciníocha go léir,agus feicfidh críocha uile na talúnbeart tarrthála ár nDé.
11 “Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin,ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan!Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin,a lucht iompair shoithigh an Tiarna!