6 Sin é an fáth a gcuirfidh mo mhuintir aithne ar m'ainm; tuigfidh siad, an lá sin, gur mise a deir: “Seo anseo mé!”
7 Nach álainn ar na sléibhtecosa an té a bhfuil dea-scéala leis,síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige,fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón:“Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
8 Éist! Tá do lucht faire ag ardú a nglór,ag liúireach le háthas in éineacht,óir is léir dóibh lena súile cinnan Tiarna ag filleadh ar Shíón.
9 Scairtigí amach le háthas,a bhallóga Iarúsailéim!mar tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir,tá sé ag fuascailt Iarúsailéim.
10 Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofaos comhair súile na gciníocha go léir,agus feicfidh críocha uile na talúnbeart tarrthála ár nDé.
11 “Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin,ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan!Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin,a lucht iompair shoithigh an Tiarna!
12 Óir ní rachaidh sibh amach faoi dheifir,ní imeoidh sibh mar bheadh teifigh ionaibh.Ar cheann bhur slua beidh an Tiarna ag máirseáil,agus ag déanamh sciath thar lorg oraibh beidh Dia Iosrael.”