1 Gáir le háthas, a bhean aimrid nár shaolaigh clann;bris amach i ngártha áthais agus lúcháire, tusa nach raibh i bpriacal riamh!Óir is líonmhaire clann na mná tréigthená clann na mná céile, a deir an Tiarna.
2 Cuir méid le hurlár do phubaill,sín amach bratacha d'áit chónaithe,scaoil amach iad; cuir fad le do chordaí agus téagar i do sháiteáin!
3 Óir réabfaidh tú amach as do chríocha ar dheis agus ar chlé.Cuirfidh do shliocht na ciníocha as a seilbh,agus déanfaidh áitreabh dóibh féin as cathracha tréigthe.
4 Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire;ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó.Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óigeagus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
5 Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit,agus Tiarna na Slua is ainm dó;Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é,ar a dtugtar Dia an domhain uile.