11 A chathair atá cráite, stoirmshuaite, gan sólás,is amhlaidh a leagfaidh mé do chlocha ar charmhogailagus do dhúshraith ar shaifírí.
12 Déanfaidh mé binn agus buaic duit de rúibíní,geataí den chriostal duit,agus de liaga lómhara do chompal uile.
13 Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarnaagus is mór an rath a bheidh orthu mar chlann.
14 Beidh tú bunaithe ar an bhfíréantacht;i bhfad uait an leatrom, agus ní bheidh eagla ort,i bhfad uait an scéin, mar ní thiocfaidh sí i do chomhair.
15 Má dhéantar ionsaí ort, ní uaimse a thiocfaidh sé;an té a dhéanann ionsaí ort, caillfear é dá bharr.
16 Seo, is mise a chruthaigh an gabha,an té a shéideann tine na gceartaíagus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo.Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.
17 Níl arm dá ndearna gabha a mbeidh aon mhaith leis i do choinne.Duine ar bith a chuireann cúis dlí ort, casfaidh tú an t‑éitheach lena bhéal.Sin mar atá i ndán do shearbhóntaí an Tiarna;sin mar a sheasfaidh mé a gceart dóibh, briathar an Tiarna.