4 Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire;ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó.Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óigeagus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
5 Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit,agus Tiarna na Slua is ainm dó;Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é,ar a dtugtar Dia an domhain uile.
6 Sea! i do bhean tréigthe mar atá tú agus an t‑anam cráite ionat,tá Dia ag glaoch ar ais ort.Cé a shéanfadh an bhean atá mar chéile aige óna hóige?a deir do Dhia.
7 Seal faiteadh súl a thréig mé thú,ach le barr dáimhe agus dúchais baileoidh mé chugam thú.
8 Seal beag agus racht fraoich agus feirge ormcheil mé mo ghnúis ort.Ach tá trua agam duit anois le caoindúthracht shíoraí,a deir an Tiarna, do shlánaitheoir.
9 Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoinuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleannnach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó.Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leatagus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.
10 Óir féadann na sléibhte imeachtagus na cnocáin bogadh leo,ach mo chaoindúthracht duitse ní imeoidhná mo chonradh síochána leat ní bhogfar,a deir an Tiarna, a bhfuil trua aige duit.