1 Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce;fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí;Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as,agus fíon agus bainne gan íoc.
2 Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é,agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann?Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibhagus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.
3 Tugaigí cluas agus tagaigí chugam,éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach.Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo,an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.
4 Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha,i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.
5 Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duitagus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith.Toisc an Tiarna, do Dhia,agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.