4 Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha,i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.
5 Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duitagus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith.Toisc an Tiarna, do Dhia,agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.
6 Lorgaigí an Tiarna, fad a chuireann sé é féin air fáil;glaoigí air, fad atá sé i ngar.
7 Fágadh an coirpeach a dhrochnósagus fear na hurchóide a bhearta.Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó,agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
8 Óir ní hiad mo bhearta bhur mbearta,ná ní hiad bhur mbealaíse mo bhealaíse, briathar an Tiarna.
9 Is ard iad na spéartha os cionn na talún,agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaíagus mo bhearta os cionn bhur mbearta.
10 Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,