9 Is ard iad na spéartha os cionn na talún,agus is comh-ard mo bhealaí os cionn bhur mbealaíagus mo bhearta os cionn bhur mbearta.
10 Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,
11 is amhlaidh don bhriathar a théann as mo bhéal, ní fhilleann orm gan toradh, gan an rud a b'áil liom a dhéanamh agus mo bheart a chur i gcrích.
12 Sea, imeoidh sibh amach faoi lúcháiragus tabharfar abhaile sibh slán sábháilte.Sléibhte agus cnoic, ligfidh siad gártha áthais romhaibhagus beidh crainn uile na tíre ag bualadh bos.
13 In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás,agus in áit na neantóg an miortal.Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna,beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!