2 Is méanar don duine a dhéanann amhlaidh agus do mhac an duine a chloíonn go docht leis: ag coinneáil na sabóide gan truailliú agus á choimeád féin ó gach droch ghníomh.
3 Ná habradh mac an eachtrannaigh a chuaigh leis an Tiarna: “Cinnte, coinneoidh an Tiarna amach as a phobal mé.” Ná habradh an coillteán: “Níl ionamsa ach crann seasc.”
4 Óir is mar seo a deir an Tiarna: Na coillteáin a choinníonn mo shabóidí, a théann leis an ní a thaitníonn liom agus a chloíonn go docht le mo chonradh,
5 tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin agus laistigh de mo bhallaí, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha; tabharfaidh mé dóibh ainm síoraí, ainm nach gcealófar go deo.
6 Agus clann na n‑eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d'ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh,
7 déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.
8 Seo é briathar an Tiarna Dia a chruinníonn muintir scaipthe Iosrael. Cruinneoidh mé tuilleadh fós in éindí leo siúd atá cruinnithe cheana.