4 Óir is mar seo a deir an Tiarna: Na coillteáin a choinníonn mo shabóidí, a théann leis an ní a thaitníonn liom agus a chloíonn go docht le mo chonradh,
5 tabharfaidh mé dóibh leacht agus ainm i mo theach féin agus laistigh de mo bhallaí, rud is fearr ná clann mhac agus iníonacha; tabharfaidh mé dóibh ainm síoraí, ainm nach gcealófar go deo.
6 Agus clann na n‑eachtrannach chomh maith, a chloígh leis an Tiarna chun fónamh dó, chun grá a thabhairt d'ainm an Tiarna agus chun bheith ina seirbhísigh aige, iad siúd uile a choinníonn an tsabóid gan truailliú agus a chloíonn go docht le mo chonradh,
7 déanfaidh mé a gcinnireacht go dtí mo shliabh beannaithe. Tabharfaidh mé aoibhneas dóibh i mo theach urnaí. Glacfar air m'altóir lena dtabhartais loiscthe agus lena n‑íobairtí, óir gairfear de mo theachsa teach urnaí na gciníocha go léir.
8 Seo é briathar an Tiarna Dia a chruinníonn muintir scaipthe Iosrael. Cruinneoidh mé tuilleadh fós in éindí leo siúd atá cruinnithe cheana.
9 A ainmhithe uile an mhachaire, tagaigí;a ainmhithe uile na foraoise, tagaigí agus sásaigí bhur gcraos.
10 Ár lucht faire, tá siad ar fad dall,ní léir dóibh dada!Madaí balbha iad go léir,nach féidir leo tafann.Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu,a ndúil sa chodladh.