10 Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad,níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.”Fuair tú neart agus urra as an nua,mar sin níl tú tuirseach fós.
11 Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ortgur shéan tú mé,go ndearna tú dearmad ormagus nár choinnigh tú áit i do chroí dom?Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile?Mar sin níl eagla ort romhamsa.
12 Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte,agus do ghnóthaí gan rath.
13 Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú!Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t‑iomlán acu,siabfaidh anáil ar shiúl iad.Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht,agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.
14 Agus cloisfear glór á rá:Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach,glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
15 Óir is mar seo a deir an Té is airde,a bhfuil a chónaí sa tsíoraíochtagus a bhfuil a ainm naofa:“Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa,agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad,chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle,chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
16 Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí,agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh;mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féinagus gach dúil bheo dá ndearna mé.