5 Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte,faoi gach crann glasag íobairt páistí sna haltáin sléibhe,i scealpacha na gcarraig!
6 Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann,is iad, is iad do chuid.Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála,chucusan a thugann tú ofrálacha bia.An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
7 Ar shliabh mór ardatá do leaba cóirithe agat.Is ann freisin a chuaigh tú suasa dhéanamh do chuid íobairtí.
8 Ar chúl an dorais agus na hursanis ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde.D'imigh tú uaim agus bhain tú díot,chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat.Tá conradh déanta agat leo siúdar mhór leat a leaba,ag síorstriapachas leoagus do shúile ar an dia bréige.
9 Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic,ag stealladh cumhrán ort féin;chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin,chuir tú iad síos go Seól fiú.
10 Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad,níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.”Fuair tú neart agus urra as an nua,mar sin níl tú tuirseach fós.
11 Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ortgur shéan tú mé,go ndearna tú dearmad ormagus nár choinnigh tú áit i do chroí dom?Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile?Mar sin níl eagla ort romhamsa.