4 Déanann sibh troscadh agus sibh ag bruíon agus ag troidagus ag bualadh dorn ar a chéile le binb.Troscadh mar atá ar siúl agaibh faoi láthair, ní hé a leithéida gheobhaidh éisteacht thuas do bhur nglór.
5 An é sin an troscadh is rogha liom,lá cránais den chineál seo i láthair?Duine ag cromadh a chinn mar a bheadh giolcach ann,agus é sínte ar éadach róin agus ar luaithreach,an air seo a thabharfá troscadh,agus lá taitneamhach i láthair an Tiarna?
6 An troscadh is áil liom, nach é seo é?dar briathar an Tiarna Dia:Geimhleacha na héagóra a scaoileadh,an ceangal a bhaint den chuing;an dream a smachtaíodh a scaoileadh saor amach,an uile chuing a bhriseadh;
7 do chuid aráin a roinnt le lucht ocrais,dídean a thabhairt do bhochtáin gan teach gan treabh,éadach a chur ar an té a fheiceann tú nochtagus gan faillí a dhéanamh i do dhualgas i leith do mhuintire.
8 Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachanagus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí.Rachaidh d'fhíréantacht romhat amachagus glóir an Tiarna i do dhiaidh.
9 Ansin, má ghlaonn tú, tabharfaidh an Tiarna freagra ort;nuair a scairtfidh tú, déarfaidh sé: “Seo anseo mé.”Má dhíbríonn tú an leatrom as do chúrsaí,bagairt na méire agus an chaint urchóideach,
10 má thugann tú do chuid aráin don ocrachagus a sháith don duine dearóil,éireoidh do sholas sa dorchadasagus beidh do ghruaim ina loinnir mheán lae.