1 An bhliain a bhfuair an Rí Uiziá bás, chonaic mé an Tiarna ina shuí ar ríchathaoir ard; agus an sanctóir líonta lena scuaine:
2 bhí saraifíní os a chionn, sé cinn d'eiteoga ar gach aon acu; dhá cheann ag clúdach a ngnúise, dhá cheann lena gcosa a chlúdach, dhá cheann chun eitilte.
3 Agus bhí siad ag scairteadh na bhfocal seo ar a chéile:“Is naofa, naofa, naofa Tiarna na Slua.Tá an talamh lán dá ghlóir.”
4 Bhí bacáin na tairsí ar crith le glór an té a bhí ag scairteadh agus bhí an Teampall á líonadh le deatach.
5 Arsa mise:Is mairg dom, tá mé caillte,óir is duine mé a bhfuil a bheola neamhghlan,tá cónaí orm i measc pobal a bhfuil a mbeola neamhghlanagus tá mo shúile tar éis amharc ar an Rí, Tiarna na Slua.
6 Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.
7 Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,tá do pheaca scriosta,tá d'urchóid clúdaithe.”