6 Thainig ceann de na saraifíní ar eitilt chugam, agus aibhleog ina láimh aige a thóg sé le tlú ón altóir.
7 Chuimil sé le mo bhéal í agus dúirt:“Seo, cuimleadh í seo le do bheola,tá do pheaca scriosta,tá d'urchóid clúdaithe.”
8 Ansin chuala mé glór an Tiarna, á rá:“Cé a chuirfidh mé uaim? Cé a labhróidh thar mo cheann?”D'fhreagair mise: “Seo anseo mise, cuir mise!”
9 Dúirt sé liom:“Imigh agus abair leis an bpobal seo:‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint,breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
10 Déan croí an phobail seo trom,déan a gcluasa bodhar,dall a gcuid súl,ar eagla go bhfeicfeadh a súile,go gcloisfeadh a gcluasa,go dtuigfeadh a gcroí,go n‑iompódh siad ar ais agus go ndéanfaí a leigheas.’ ”
11 Arsa mise: “Cá fhad, a Thiarna?” D'fhreagair sé mé:“Go dtí go scriosfar na bailte agus go bhfágfar gan áitreabh iad,na tithe gan duine daonna,an tuath tréigthe,
12 agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as.Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre,