1 Éirigh, go lonrach, mar seo é do sholas ort,agus tá glóir an Tiarna tar éis éirí os do chionn,
2 ainneoin go bhfuil an dorchadas ag leathadh thar an talamhagus dúchan na hoíche ar na ciníocha.Os do chionnsa tá an Tiarna ag éiríagus tá a ghlóir le feiceáil anuas ort.
3 Tá na náisiúin ag triall ar do sholasagus a ríthe ar ghile do mhaidneachain.
4 Ardaigh do shúile agus breathnaigh mórthimpeall:táthar ag bailiú le chéile agus ag triall ort.Tá do chlann mhac ag teacht ó i bhfad i gcéin,d iníonacha fós agus iad á n‑iompar ar an leis.
5 Ar a fheiceáil duit, beidh loinnir i do ghnúis,beidh do chroí ag borradh ionat le tocht:óir casfar flúirse na farraige i do threo,tiocfaidh saibhreas na náisiún ag triall ort.
6 Beidh tú ar do chlúdach le camaill ina sluaite,scoth chamaill Mhidián agus Éafá,iad siúd go léir ag triall as Seabá,ór agus túis ar iompar acu,agus iad ag fógairt moltaí an Tiarna.
7 Tréada uile Chéadar, cruinneoidh siad le chéile duit;beidh reithí Nabáiót ag riar ar do ghá.Rachaidh siad suas agus beidh glacadh leo air m'altóir,cuirfear maise le maise mo Theampaill.