11 Beidh do gheataí ar leathadh de shíor,de lá ná d'oíche ní bheidh siad dúnta,chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníochaagus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.
12 Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad,agus déanfar slad ar thíortha iomlána.
13 Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort,giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile,chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra,agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.
14 Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair;sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú.Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort,Síón Neach Naofa Iosrael.
15 In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú,i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha,déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo,cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.
16 Diúlfaidh tú bainne na gciníocha,diúlfaidh tú saibhreas na ríthe.Agus tuigfidh tú gur mise an Tiarna is slánaitheoir duit,gurb é Neach Tréan Iacóib d'fhuascailteoir.
17 In ionad umha, tabharfaidh mé ór chugat;in ionad iarainn, tabharfaidh mé airgead;in ionad adhmaid, umha; in ionad cloiche, iarann.Gnó do chuid reachtairí fágfaidh mé ag an tsíocháin,agus feidhm do mhaor ag an bhfíréantacht.