9 Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige,agus longa Thairsís ar a gceann,ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéinagus a gcuid óir agus airgid in éindí leo,ar son ainm an Tiarna do Dhiaagus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.
10 Beidh clann na gcoimhthíoch ag tógáil do mhúrtha as an nua,agus a ríthe ag déanamh freastail ort.Óir cé gur bhasc mé thú nuair a bhí an taom feirge orm,is tú mo pháirt anois agus ghlac mé trua duit.
11 Beidh do gheataí ar leathadh de shíor,de lá ná d'oíche ní bheidh siad dúnta,chun go dtugtar chugat saibhreas na gciníochaagus a ríthe ar téad dá gcinnireacht.
12 Óir náisiún nó ríocht nach stríocann duit, caillfear iad,agus déanfar slad ar thíortha iomlána.
13 Maise na Liobáine tiocfaidh ag triall ort,giúis agus ailm agus cufróg ar fad le chéile,chun slacht a chur ar láthair mo shanctóra,agus scéimh san áit ar lonnaigh mo chosa.
14 Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair;sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú.Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort,Síón Neach Naofa Iosrael.
15 In ionad a bheith tréigthe mar a bhí tú,i do chéile a raibh fuath ort agus tú fágtha,déanfaidh mé ábhar mórála díot go deo,cúis ghairdis ó ghlúin go glúin.