1 Cé hé seo chugainn as Eadóm,as Bozrá agus é dearg ina chuid éadaigh?É i mborr agus i mbláth faoina chulaith,ag céimniú i mbarr a nirt.- Mise atá ann, ag fógairt fíréantachta,mise atá in acmhainn slánaithe!
2 - Cén fáth gur dearg ar fad atá do chulaith ort,ar nós éadach duine a bheadh ag satailt sa dabhach fíona?
3 - Phasáil mé an chantaoir i m'aonar;duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom.Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm,agus shiúil mé orthu i gcuthach dom;steall súlach a gcroí ar mo chulaithagus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.
4 Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam,agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.
5 Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom;agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil.Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom,agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.