11 Ansin chuimhnigh siad ar na laethanta a bhíagus ar Mhaois a thug a mhuintir chun saoirse:Cá bhfuil an té úd a thug aníos ón muiriad féin agus tréadaí a thréada?Cá bhfuil an té a chuir isteach ann a spiorad naofa;
12 a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidhag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois;a scoilt na huiscí ó chéile rompuchun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;
13 a stiúraigh iad tríd an duibheagánchomh réidh le capall ar an machaire fiáin,
14 gan tuisliú ach oiread le heallachag druidim síos bun gleanna,agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis.Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintirchun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.
15 Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach,ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí.Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce,do theasghrá agus do thrócaire chugainn?Ná seas i leataobh uainn
16 óir is tusa ár n‑athair,cé nach n‑aithníonn Abrahám sinnagus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó.Tusa, a Thiarna, is athair dúinn;ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
17 Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite,agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó?Fill ar ais ar son do sheirbhíseach,ar son treibheanna d'oidhreachta.