13 a stiúraigh iad tríd an duibheagánchomh réidh le capall ar an machaire fiáin,
14 gan tuisliú ach oiread le heallachag druidim síos bun gleanna,agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis.Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintirchun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.
15 Breathnaigh anuas ó na flaithis agus féach,ó arda na naofachta agus na glóire mar a bhfuil do chónaí.Cá bhfuil do dhíbheirg agus do ghaisce,do theasghrá agus do thrócaire chugainn?Ná seas i leataobh uainn
16 óir is tusa ár n‑athair,cé nach n‑aithníonn Abrahám sinnagus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó.Tusa, a Thiarna, is athair dúinn;ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
17 Cén fáth, a Thiarna, a bhfuil muid ar seachrán agat i bhfad ó do shlite,agus ár gcroíthe á gcruachan ionas nach eagal leo thú níos mó?Fill ar ais ar son do sheirbhíseach,ar son treibheanna d'oidhreachta.
18 Cén fáth ar sháraigh lucht an oilc do shanctóir,cén fáth ar shatail ár naimhde ar do scrín?
19 Is fada nach beo dúinn faoi do réir,ionann agus nárbh é d'ainmse atá orainn.