4 Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam,agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.
5 Bhreathnaigh mé timpeall; ní raibh duine le cuidiú liom;agus b'iontach liom nach raibh taca le fáil.Mo lámh féin mar sin a chuidigh liom,agus m'fhearg, is í a rinne taca dom.
6 Bhasc mé na ciníocha le cuthach,shatail mé orthu le teann feirge,agus sceith mé a súlach amach ar an talamh.
7 Is mian liom comharthaí caoindúthrachta an Tiarna a aithris,agus éachtaí an Tiarna a fhógairt,gach a ndearna an Tiarna ar ár sonagus a iolmhaitheasa i leith teaghlach Iosrael,gach ar bhronn sé orthu le barr dáimheagus ilchomharthaí a chaoindúthrachta.
8 Dúirt sé: “Cinnte is iad mo mhuintir iad,mo chlann mhac nach dual dóibh bréag.”Agus bhí sé ina shlánaitheoir acu
9 ina dtrioblóidí go léir.Ní teachtaire ná aingealach é féin a scaoil saor iad.Le teann grá agus truad'fhuascail sé féin iad;thóg sé suas agus d'iompair iadsna laethanta sin uile anallód.
10 Ach d'éirigh siad amach ina choinneagus chuir brón ar a spiorad naofa.Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibhagus chuir sé cogadh orthu é féin.