1 Bhí mé ansin le lorg ag dream nach raibh do m'iarraidh agus bhí fáil orm ag dream nach raibh do mo chuartú. Bhí mé ag rá: “Seo anseo mé, seo anseo mé,” le cine nach raibh ag glaoch ar m'ainm.
2 Bhí mo lámha sínte amach agam an lá ar fad chuig pobal míréireach agus iad ag dul bealach nárbh fhónta, de réir a dtallann féin,
3 ag tabhairt mo dhúshlán gan sos suas le mo bhéal, ag déanamh íobairtí i ngairdíní, ag dó túise ar altóirí bríce,
4 ag gnáthú uaigheanna agus ag faire go maidin i gcúinní dorcha, ag ithe feoil mhuice agus súlach salachair ina gcoirí acu.
5 “Fan mar a bhfuil tú,” a deir siad, “ná bain díom; óir is naofa ná tusa mé.” Toit i mo shrón is ea an dream seo, tine nach múchtar ar feadh an lae.