11 Ach sibhse atá i ndiaidh an Tiarna a thréigean,a bhfuil mo shliabh beannaithe dearmadta agaibh,a chóiríonn tábla faoi choinne dia na cinniúna,agus a leagann amach cupán fíona do dhia an áidh,
12 tugaim suas don chlaíomh sibhagus titfidh sibh ar lár san eirleach.Óir ghlaoigh mé agus níor thug sibh freagra,labhair mé agus níor éist sibh.Ach rinne sibh rudaí a b'olc liom,agus an rud nár thoil liom, ba é bhur rogha é.
13 Dá bharr sin, seo mar a deir an Tiarna Dia:Beidh mo sheirbhísigh ag ithe, ach beidh ocras oraibhse;beidh mo sheirbhísigh ag ól, agus beidh tart oraibhse;beidh lúcháir ar mo sheirbhísigh, ach náire a bheidh oraibhse.
14 Beidh mo sheirbhísigh ag ceol, agus áthas ina gcroí.Ach sibhse, beidh sibh ag éagaoin le doilíos croí,agus ag olagón le hanbhuain anama.
15 Beidh bhur n‑ainm ina eascaine ag mo mhuintir thofa, agus tabharfaidh an Tiarna Dia bhur mbás. Ach do mo sheirbhísigh tabharfar ainm nua.
16 An té a mbeidh beannacht uaidh ar talamh, beannacht ó Dhia na fírinne a bheidh uaidh, agus an té a thabharfaidh a mhionn ar talamh, dar Dia na fírinne a mhionnóidh sé, óir ligfear amhgar an tseanama i ndearmad agus beidh sé ceilte ar mo radharc.
17 Óir tá mé chun spéartha nua agus talamh nua a chruthú agus ní mheabhrófar feasta na rudaí a tharla, ná ní thabharfar chun cuimhne iad níos mó.