2 Bhí mo lámha sínte amach agam an lá ar fad chuig pobal míréireach agus iad ag dul bealach nárbh fhónta, de réir a dtallann féin,
3 ag tabhairt mo dhúshlán gan sos suas le mo bhéal, ag déanamh íobairtí i ngairdíní, ag dó túise ar altóirí bríce,
4 ag gnáthú uaigheanna agus ag faire go maidin i gcúinní dorcha, ag ithe feoil mhuice agus súlach salachair ina gcoirí acu.
5 “Fan mar a bhfuil tú,” a deir siad, “ná bain díom; óir is naofa ná tusa mé.” Toit i mo shrón is ea an dream seo, tine nach múchtar ar feadh an lae.
6 Seo, tá sé scríofa os mo chomhair; ní fhanfaidh mé i mo thost nó go gcúití mé leo
7 a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.
8 Seo mar a deir an Tiarna: Nuair a bhíonn fíon úr le fáil i dtriopall caora fíniúna, deirtear: “Ná mill é; tá beannacht ann.” Déanfaidh mise mar an gcéanna ar son mo sheirbhíseach. Ní mhillfidh mé an náisiún ar fad.