6 Seo, tá sé scríofa os mo chomhair; ní fhanfaidh mé i mo thost nó go gcúití mé leo
7 a n‑urchóidí féin agus urchóidí a n‑aithreacha, an t‑iomlán le chéile, a deir an Tiarna, an dream a bhíodh ag dó túise ar na sléibhte agus ag tabhairt mo dhúshlán ar na cnoic. Díolfaidh mé an comhar leo go huile agus go hiomlán.
8 Seo mar a deir an Tiarna: Nuair a bhíonn fíon úr le fáil i dtriopall caora fíniúna, deirtear: “Ná mill é; tá beannacht ann.” Déanfaidh mise mar an gcéanna ar son mo sheirbhíseach. Ní mhillfidh mé an náisiún ar fad.
9 Tabharfaidh mé sliocht ar Iacób agus oidhrí air Iúdá a mbeidh seilbh acu ar mo shléibhte. Beidh siad mar oidhreacht acu siúd atá tofa agam, agus mar áit chónaithe ag mo sheirbhísigh.
10 Beidh Seárón ina réimse ag tréada caorach agus Gleann Áchór ina fhéarach eallaigh, agus iad i seilbh mo mhuintire a lorgann mé.
11 Ach sibhse atá i ndiaidh an Tiarna a thréigean,a bhfuil mo shliabh beannaithe dearmadta agaibh,a chóiríonn tábla faoi choinne dia na cinniúna,agus a leagann amach cupán fíona do dhia an áidh,
12 tugaim suas don chlaíomh sibhagus titfidh sibh ar lár san eirleach.Óir ghlaoigh mé agus níor thug sibh freagra,labhair mé agus níor éist sibh.Ach rinne sibh rudaí a b'olc liom,agus an rud nár thoil liom, ba é bhur rogha é.