1 Seo mar a deir an Tiarna:Is iad na spéartha mo chathaoir ríogaagus an talamh stól mo chos!Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom?Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?
2 Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad;is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna.Ach an té a dtugaimse aird air,is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite,an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.
3 An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna,a mharaíonn uan agus a thachtann madadh,a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice,a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola,tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí,agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.
4 Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean,agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo.Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine,labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht.Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile,agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo.