10 Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim,bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi!Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi,sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!
11 Ionas go dtálfar bhur sáith oraibhó chíocha na sólás,ionas go mblaisfidh sibh go fonnmharde dhiúl a glóire.
12 Óir is mar seo a deir an Tiarna:Cuirfidh mé an tsíocháin uaimag triall uirthi mar bheadh abhainn ann,agus ar nós tuile ag sceitheadh thar bruachasaibhreas na gciníocha.Beidh a leanaí cíche á n‑iompar ar an leisagus á luascadh ar ghlúine.
13 Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis,mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse.(In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)
14 Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí,agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir.Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísighagus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.
15 Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thineagus a charbadra ar nós guairneán gaoithe,chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch,agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.
16 Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine,chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh,agus marófar mórán leis an Tiarna.