Íseáia 66:14-20 ABN

14 Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí,agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir.Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísighagus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.

15 Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thineagus a charbadra ar nós guairneán gaoithe,chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch,agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.

16 Mar tá an Tiarna chun breith a thabhairt le tine,chun an cine daonna a chiontú lena chlaíomh,agus marófar mórán leis an Tiarna.

17 An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní,duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta,a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna,béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu,briathar an Tiarna.

18 Tá mé ag teacht chun ciníocha na n‑uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir.

19 Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.

20 Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.