17 An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní,duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta,a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna,béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu,briathar an Tiarna.
18 Tá mé ag teacht chun ciníocha na n‑uile theanga a chruinniú le chéile. Tiocfaidh siad a bhreathnú ar mo ghlóir.
19 Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.
20 Agus ar ais as na náisiúin uile, ina dtabhartais don Tiarna, tabharfaidh siad leo bhur muintir go léir - ar muin capaill, i gcarbaid agus ar eileatroim, ar mhiúileanna agus ar chamaill rásaíochta - go dtí mo shliabh beannaithe in Iarúsailéim, a deir an Tiarna, ar nós mar iompraíonn clann Iosrael an tabhartas i soithí glana go teampall an Tiarna.
21 Agus cuid acu, déanfaidh mé sagairt agus Léivítigh díobh dom féin, a deir an Tiarna.
22 Óir na spéartha nua agus an talamh nuaatá á gcruthú agam,díreach mar a bheidh siadsan buan i mo láthair, briathair an Tiarna,is amhlaidh a bheidh bhur gcine agus bhur n‑ainm buan chomh maith.
23 Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua,agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide,tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair,a deir an Tiarna.