5 Éistigí le briathar an Tiarna,sibhse a bhfuil urraim agaibh dá bhriatharBhur muintir féin gur fuath leo sibh,agus a thugann droim láimhe libh de dheasca m'ainm,deir siad: “Taispeánadh an Tiarna a ghlóir,go bhfeicimid sibh ag déanamh gairdis.”Ach is orthu féin a bheidh an náire.
6 An ghlóraíl agus an ghlafarnach sin sa chathair,an glór ag teacht ón Teampall,glór an Tiarna is ea éagus é ag baint sásaimh as a naimhde.
7 Bean a bhreith clainne gan tinneasagus mac a shaolú gan bheith i bpriacal!
8 Cé a chuala trácht ar a leithéid,cé a chonaic a leithéid riamh?An saolaítear tír in aon lá amháin,an dtugtar náisiún chun breithe d'aon uain amháin?Ach níor luaithe Síón ina luí seoilná thug sí clann mhac ar an saol!
9 An dtabharfaidh mé chun breithe, gan an bhreith a thabhairt chun críche?a deir an Tiarna.Mise a ghin, an ndúnfaidh mé an bhroinn?a deir do Dhia.
10 Bíodh lúcháir ort, a Iarúsailéim,bíodh áthas oraibh, a lucht na páirte, mar gheall uirthi!Gáirigí le gairdeas mar gheall uirthi,sibh uile a raibh éide bhróin oraibh ina diaidh!
11 Ionas go dtálfar bhur sáith oraibhó chíocha na sólás,ionas go mblaisfidh sibh go fonnmharde dhiúl a glóire.