10 Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:
11 “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”
12 D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”
13 Ansin dúirt sé:“Éistigí mar sin, a theaghlach Dháiví,an é nach beag daoibh sárú ar dhaoinego gcaithfidh sibh mo Dhia a shárú ina theannta sin?
14 Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.Seo, tá an ógbhean ag iomparagus ar tí mac a shaolú,agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
15 Bleacht agus mil a chothóidh égo dtí go mbeidh a fhios aigediúltú don olc agus an mhaith a roghnú.
16 Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olcagus an mhaith a roghnú,beidh an tír úd ina díthreabh,agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.