14 Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh.Seo, tá an ógbhean ag iomparagus ar tí mac a shaolú,agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.
15 Bleacht agus mil a chothóidh égo dtí go mbeidh a fhios aigediúltú don olc agus an mhaith a roghnú.
16 Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olcagus an mhaith a roghnú,beidh an tír úd ina díthreabh,agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.
17 Tabharfaidh an Tiarna ort féin agus ar do phobalagus ar theaghlach d'atharlaethe nár tháinig a leithéidón am a scar Eafráim le Iúdá(rí na hAsaíre).
18 Sa lá sin, ligfidh an Tiarna fead ar na mioltógaas bun abhann na hÉigipte,agus ar na beacha ó thír na hAsaíre,
19 chun go dtiocfaidís go léir a thuirlingar na haltáin chrochta agus ar scailpeacha na gcarraigeacha,ar sceacha agus ar thalamh féaraigh.
20 Sa lá sin, beidh an Tiarna ag bearradhle rásúr a fruilíodh taobh thall den Abhainn(rí na hAsaíre);an ceann agus fionnadh an choirp,go fiú an fhéasóg is ea lomfaidh sé.