3 Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,
4 agus déarfaidh tú leis:Aire dhuit, ná bíodh imní ort, ná eagla;ná bíodh do chroí anbhann,de bharr an dá ghal soip úd,
5 as siocair Arám, Eafráim agus mac Ramailiá,a bheith ag beartú thú a mhilleadh, á rá:
6 Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur annagus chun a ghabháil dúinn féin,agus déanfaimid rí annde mhac Thaibéal.’
7 Mar seo a deir an Tiarna Dia:‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.
8 Is í an Damaisc ceann Arám,agus Reizín, ceann na Damaisce;Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta,beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,
9 is í an tSamáir ceann Eafráim,agus mac Ramailiá ceann na Samáire.Ach mura seasann sibhse liomsa,níl seasamh i ndán daoibh.’ ”