6 Téimis suas in éadan Iúdá chun scéin a chur annagus chun a ghabháil dúinn féin,agus déanfaimid rí annde mhac Thaibéal.’
7 Mar seo a deir an Tiarna Dia:‘Ní tharlóidh, ní mar sin a bheidh.
8 Is í an Damaisc ceann Arám,agus Reizín, ceann na Damaisce;Ach i gcionn a sé, ní hea, i gcionn a cúig de bhlianta,beidh Arám scriosta, agus Eafráim caite síos,
9 is í an tSamáir ceann Eafráim,agus mac Ramailiá ceann na Samáire.Ach mura seasann sibhse liomsa,níl seasamh i ndán daoibh.’ ”
10 Agus labhair an Tiarna le hÁchaz arís agus dúirt:
11 “Iarr comhartha duit féin ar an Tiarna do Dhia, as duibheagáin Sheól aníos nó thuas in arda na spéartha.”
12 D'fhreagair Áchaz: “Ní iarrfaidh, níl mé chun dúshlán an Tiarna a thabhairt.”