19 Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsíagus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil;- cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéitheagus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,
20 chun teagasc agus tiomna a fháil.”Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad,mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
21 Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocrasagus leis an ocras tiocfaidh fearg orthuagus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia;ag amharc in airde dóibh
22 nó ag breathnú síos ar an talamh,níl ann ach anbhroid agus dorchadas,gruamacht na hanbhuaine,agus ní fheicfidh siad ach an oíche.
23 An ea nach mbíonn gruamacht mar a mbíonn anbhuain? 1 San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san am atá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl na gciníocha.