3 Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: “Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air,
4 óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”
5 Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt:
6 “As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d'uiscí Shileoa shileann go suaimhneach,agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizínagus mac Ramailiá,
7 cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinneuiscí tréana domhaine na hAbhann(rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán).Sceithfidh sí as a grinneallagus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;
8 beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá,agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál,agus beidh a sciatháin spréitethar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”
9 Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh;éistigí, a chiníocha i gcéin,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.