7 cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinneuiscí tréana domhaine na hAbhann(rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán).Sceithfidh sí as a grinneallagus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;
8 beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá,agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál,agus beidh a sciatháin spréitethar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”
9 Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh;éistigí, a chiníocha i gcéin,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.
10 Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath;focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann,mar tá Dia linne.
11 Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom,nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadhó shlí an phobail seo a leanúint.
12 “Ná tabhair comhcheilgar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air;an ní is eagal leo,ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.
13 Tiarna na Slua,is é nach mór a naomhú;roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.