Psailm 10 BEDELL

Urnaighe anaghaidh fhaille agus foirneart.

1 Cred fa seasann tú a bhfhad amach, ó a THIGHEARNA? cred fá bhfolchann tú thú féin a naimsearuibh buaidheartha?

2 Do ní an ciontach iona úabhar gérleanmhuin air an mbochd: go ngabhthar íad annsna cealguibh noch do smuáineadar féin.

3 Oír maóidhigh an ciontach fonn a chroidhe, agus beannuighidh sé an sanntach, noch fhúathuighios an TIGHEARNA.

4 Ní dhéan an ciontach, tre úabhar a ghnúisi, lórgaireachd a ndiáigh Dé - ní bhfuil Dia iona uile smuáintighibh.

5 Atáid a shlighthe a ccomhnuigh doilghiosach; atáid a bhreithéamhnuis a bhfad súas as a radharc: maille re na easccáirdibh uile, bidh sé ag fochmhuid fútha.

6 A dubhairt sé iona chroidhe, Ní corrochar mé; óir ní bhía mé go bráth a naindeisi.

7 Atá a bhéul lán do mhallachd agus do mheabhuil agus do cheilg: faói na theangaidh atá urchóid agus díomhaóineas.

8 Suighidh sé a nionaduibh foraire na mbailteadh: annsna hionaduibh diamhaire dúnmharbhuidh sé na neimhchiontuigh: atáid a shúile go foluightheach na súighe a naghaidh na mbochd.

9 Luighidh sé a bhfeitheamh go diamhair amhuil leomhan iona fhúathais: luighidh sé a bhfeitheamh cum beirthe air na bochduibh; beirídh sé ar an mbochd, a nuáir thairrngios sé é chum a lín.

10 Cromuidh sé, agus umhluighidh sé é féin, chor go ttuitfeadh an bochd le na thréanuibh.

11 A dubhairt sé iona chroidhe, Do dhearmuid Día: foluighidh sé a aghaidh; ní fhaicfidh sé go bráth é.

12 Eírigh, ó a THIGHEARNA; a Día, tóg súas do lámh: ná dearmuid an tumhal.

13 Cred fá ttarcuisnighid na ciontuigh Día? a dubhairt sé iona chroidhe, Ní íarrfa tú é.

14 Do chonnairc tú é; oir do bheir tú aire durchóid agus do mhioscuis, chum a chúitigh led láimh: tiomnuighidh an bochd é féin duit; is tú cobharthóir nan dílleachd.

15 Bris righ an chiontuigh agus an drochdhuine: lorg amach a chionta go nach bhfaghair éainní.

16 Is Rígh an TIGHEARNA go saoghal na saoghal: do cuireadh na geinte seachad amach as a thalamh.

17 A THIGHEARNA, do chúaluidh tú fonn na numhal: uillmheocha tú a ccroidhe, do bhéarair air do chluáis éisdeachd:

18 Chum breitheamhnuis do dhéanamh air an ndílleachd agus air an té foiréigeantar, chor nach éigneochaidh fear na talmhan ní budh mó.