1 MOLUIDH an TIGHEARNA. Moluidh ainm an TIGHEARNA; moluidh é, a sheirbhíseacha an TIGHEARNA.
2 Noch sheasas a ttigh an TIGHEARNA a gcúirtibh thighe ar Ndé,
3 Moluidh an TIGHEARNA; óir is maith an TIGHEARNA: canaidh sailm dhá ainm; óir atá sé aóibhinn.
4 Oír do thogh an TIGHEARNA Iácob dhó féin, Israel do bheith na ionnmhus áirighe aige.
5 Oír ís aithne dhamh gur mór an TIGHEARNA, agus go bhfuil ar TTIGHEARNA ós cionn a nuile dhée.
6 Do rinne an TIGHEARNA, gach ní do thoguir fein air neamh, agus air talamh, annsna fairgeadhuibh, agus annsna huile aigéanuibh.
7 Tógbhuidh sé súas na deatuighe ó fhoirimeal na talmhan; do ní tinnteach chum fearthanna; ag tabhairt na gaóithe amach as a ionnmhusaibh.
8 Noch do bhuáil céaidgheine na Hégipte, ó dhuine go beathach.
9 Do chuir sé comharthadha agus ionganta chugadsa a Egipt, ann do meadhon, air Pharao, agus air a uile sheirbhíseachaibh.
10 Noch do bhuáil iomad cineadhach, agus do mharbh ríghthe móra;
11 Sihon rígh na Namoríteach, agus Og rígh Básan, agus uile rioghachta Chánaain:
12 Agus thug sé a bhfearann mar oighreacht, na oighreachd Dísrael a phobal féin.
13 A THIGHEARNA, atá hainm, go síorruighe; a THIGHEARNA, atá do chuímhne, ó ghinealach go ginealach.
14 Oír béaraidh an TIGHEARNA breitheamhnus air a dhaóinibh, agus biáidh aithreachus air a ttáobh a sheirbhíseach.
15 Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine.
16 Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad;
17 Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul.
18 Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta.
19 A thigh Israel, beannuigh an TIGHEARNA: a thigh Aaron, beannuigh an TIGHEARNA:
20 A thigh Lébhi, beannuigh an TIGHEARNA: sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, beannuighe an TIGHEARNA.
21 Go madh beannuigh an TIGHEARNA as Síon, noch chomhnuigheas ann Ierusalem. Moluidh an TIGHEARNA.