Psailm 22 BEDELL

Gearán Dháibhi ar na chrádh; ag tairrgir ar chéusadh Chriosd.

Don phrímhfhear ceóil ar Aiieletsahar, Psalm Dháibhi.

1 Mo Dhía, mo Dhía, cred fár thréigis mé? agus tú a bhfad óm shlánughadh, ó bhriathruibh mo ghártha?

2 Mo Dhía, comhaircfim annsa ló, agus ní chluin tú; annsa noidhche, ní bhfuil suáimhneas agam.

3 Acht atá tusa náomhtha, thusa áitreabhus a molta Israel.

4 Ionnadsa do chuireadar ar naithre a ndóigh: do chuireadar, agus do sháor tú íad.

5 Chugadsa do chomhairceadar, agus do sáoradh íad: ionnad do chuireadar a ndóthchus, agus níor claóidheadh íad.

6 Acht peist misi, agus ní duine; scannail na ndaóine, ar mo tharcuisniughadh ag an bpobal.

7 Gach a bhfaicionn mé atáid ag magadh orum: iompóighid amach a mbéul, croithid a cceann,

8 Ag rádh, Do chuir sé a dhóigh san TTIGHEARNA go saorfadh é: fúasgladh sé é, ó tá dúil aige ann.

9 Acht is tusa thug misi amach as an mbroinn: thug tú orum dóthchus do bheith agam agus mé ar chíochuibh mo mhathar.

10 Ortsa do teilgiodh mé ón mbroinn: ó bholg mo mhathar is tú mo Dhía.

11 Ná bí a bhfad uáim: óir atá buáidhreadh a ngar; óir ní bhfuil fear cunganta.

12 Do thimchiolladar iomad bulóg mé: tairbh neartmhara Básan thangadar am thimchioll go cruinn.

13 Dfoscladar a mbeul orum, amhuil leomhan ag inghreim agus ag búirfidh.

14 Atáim ar mo dhortadh amach amhuil uisge, atáid mo chnámha uile as a nionad fein: is cosmhuil re céir mo chroidhe; ar leaghadh a meadhon minnigheadh.

15 Atá mo neart ar na thiormughadh amhuil criáidh loisge; agus do cheangail mo theanga dom ghíalluibh; agus thugais mé go luáithreadh an bháis.

16 Oír thangadar madraidhe am thimchioll: díadhadar coimhthionól na ndroch-dhaóine am thimchioll: do tholladar mo lámha agus mo chosa.

17 Féaduim mo chnámha uile dáireamh: do chíd síad agus amhaircid orum.

18 Roinnid méadach eaturra, agus do theilgeadar crannchair air mo chúlaidh.

19 Acht thusa a THIGHEARNA, na bí a bhfad úaim: ó mo neart, deithfrigh dom chabhair.

20 Sáor manam ón ccloidheamh; mo áon ó neart an mhadraidh.

21 Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.

22 Foillseachuidh mé hainm dom dhearbhráithribh: a lár an choimhthionoil molfa mé thú.

23 Sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, moluidh é; síol Iácob uile, glóruidhe é; agus bíodh a eagla oruibh, a shíol Israel uile.

24 Oír níor tharcuisnigh agus níor fhuáithigh sé aindese an duine bhoichd; agus níor fholuigh a aghuidh uadha; agus a nuáir do ghoir sé air, do chaluáidh sé.

25 Budh tusa mholfas mé ann sa chomhdháil mhóir: coimhlionfa mé móide ós a ccuinne agá bhfuil a eagla orra.

26 Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIGHEARNA an luchd íarrus é: mairfidh bhur ccroidhe go bráth.

27 Cuimhneochuid críocha na talmhan uile é agus iompóchuid chum an TIGHEARNA: agus do dhéanuidh a nuile chineadh do na geinteibh adhradh ós a choinne.

28 Oír is leis an TTIGHEARNA an rioghacht: agus isé is úachdarán a measc na ccineadhach.

29 Gach a bhfuil reamhar ar talamh íosuid agus do dhéanaid adhradh: a rachuidh síos don luaithreadh claonfuid ós a choinne: agus ní dhéana aóinneach a anam féin do chongmháil béo.

30 Do dhéaná sliochd serbhís dó; áirmheochthar don TIGHEARNA mar ghinealach é.

31 Tiucfaid síad, agus foillseóchuid a fhíréuntachd don luchd bhéarthair, go ndéarna sé é.