1 Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth.
2 Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.
3 Oír ní dhéanaidh slat an chorbuidh comhnuidhe ar chrannchair na bhfíréan; iondus nach sínfid na fíréin a lamha amach chum corbuidh.
4 Déan maith, a THIGHEARNA, do na deaghdhaóinibh, agus don díreach a ccroidhe.
5 Acht an lucht chláonas chum na ndroichshligheadh, tréorochuidh an TIGHEARNA íad lé lucht oibrighthe a négceirt: go raibh síothcháin air Israel.